About St. Patrick's College Drumcondra

Ba ócáid ceiliúrtha é do Mháire Ní Bhaoill agus Aisling Ní Dhiorbháin, Teagasc na Gaeilge, Coláiste Phádraig, freastal ar an imeacht stairiúil i nDún Mhic Aoidh, Ascaill Chiardhuibh, BÁC 7 (McKee Barracks) nuair a bhronn An Taoiseach, Éanna Ó Coinnigh T.D. Gaelbhratach ar 46 scoil as ucht gaisce a dhéanamh an Ghaeilge a chur chun cinn i dtimpeallacht na scoile. 

Scéim náisiúnta í Gaelbhratach atá á feidhmiú ar bhonn píolótach ag Gael Linn agus atá urraithe ag Foras na Gaeilge. Bronnadh Gaelbhratach ar scoileanna a bhain amach clár suntasach ó thaobh úsáid na Gaeilge sa scoilphobal. Thug Foireann Theagasc na Gaeilge, Coláiste Phádraig tacaíocht don scéim trí chúrsaí inseirbhíse, ina raibh an-éileamh orthu, a reachtáil le múinteoirí bunscoileanna ar fud na tire i rith 2014-2015.

Page 1 of 4

20 courses available

Top related subjects

Art and Sculpture (Classroom | Online) Unity (Classroom | Online) Soft Skills (Classroom | Online) Holistic (Classroom | Online) Teaching and Education (Classroom | Online) Mindfulness (Classroom | Online)

Contact information not available.

Are you from St. Patrick's College Drumcondra ? Claim this page!